Gile na Gile : Aistear Aogáin Úí Rathaille
Ceol nua cumtha bunaithe ar fhilíocht Aogáin Uí Rathaille á chur i lathair ag an gcumadóir Lorcán Mac Mathúna in éineacht leis na ceoltóirí Martin Tourish agus Éamonn Galldubh.
Ticéidí €15 le fáil ag an doras.
Thit an domhain Gaelach as a chéile le linn saol Aogáin Ó Rathaille, agus bhí sé mar ceann de príomh tráchtaire an casadh cinniúnach seo i stair agus litríocht na hÉireann. Rugabh é le linn ré na mbaird scoil agus fuair sé bás i mbochtanas le linn aimsir na péindlithe agus na cúirt filíochta. Is é a ghin an Aisling polaitiúla; ceol an dóchas le linn chéad gan dóchas.
Filíocht domhain dána fíochmhar a scríobh an Raitheallach. Fíné cáinteach ar am cúiseach tréigeach ab ea é, a scríobh le tuiscint agus súil I gcónaí ar áileacht i mbriathar. Scríobh sé go liriciúil, le rithim agus comhuaim ceolmhar. An file ba chumasaigh de ré nua an Ghaeilge. File nach bhfuil sáraithe fós. Tugtar "Dante na Mumhan" air. Is féidir rá gur athair an nua Ghaeilge é An Rathailleach.
Rachaimid ar aistir trí filíocht an Rathailleach. Filíocht a bhí mar finné ar an 18ú Chéad is Éirinn. Filíocht ceolmhar, liriciúile, a thug dearcadh an file ar saol a bhí ag athrú go tubaisteach. Dearcadh idir éagaoin agus dóchas.
Chuirfidh Lorcán Mac Mathúna clár de ceol nua-cumtha bunaithe ar filíocht Aodhagáin Ó Rathaille ar súil i oíche specialta i nUibh Ráitheach. Is chéad léiriú é seo den saothar seo. Saothar coimisiúin spesialta uraithe ag an gcomhairle Ealaíonn do Féile na Brídeoige.
Ticéidí ar an doras
(Oifig an Chomhchoiste): 066-9474888