Amhráin Chomhaimseartha Gaeilge: Cá Bhfuil Siad?

Dá n-úsáidfí amhráin nuachumtha chun sláinte teanga a thomhais, is fadó gur chóir an Ghaeilge a bheith clúdaithe ó chois go ceann i mbindealáin agus líonta go cluas le drugaí....

Dá n-úsáidfí amhráin nuachumtha chun sláinte teanga a thomhais, is fadó gur chóir an Ghaeilge a bheith clúdaithe ó chois go ceann i mbindealáin agus líonta go cluas le drugaí. Shamhlófá na Gaeil ar fad ag déanamh ar leaba an othair agus drogall an dochtúra nuair a bheadh an scéal á chur in iúl aige: ‘Sorry folks, she’s dying, dying an uncreative, unimaginative, old fashioned, bland, ordinary death.’ Shamhlófá na Gaeil chéanna agus iad ag caoineadh deora frasa ag an tóramh, iad ag inseacht scéalta dá chéile agus meascán bróin agus bróid ina nguth:

‘Bhí sí dílis don traidisiún go dtí an deireadh.’

‘Bhí m’anam, dílis go deireadh, agus níor scaoil sí le teanga chathrach, le téama fiche h-aonú aoiseach nó géarchaint na raibiléirí óga.’
‘Níor scaoil, níor scaoil m’anam. Fiú nuair a bhí na raibiléirí céanna ag déanamh iarracht, níor scaoil sí ar an raidió iad, nó ar an teilifís, nó in aon áit a d’fheicfeadh nó a chloisfeadh aon duine iad.’

Faraor, áfach, ní thomhaistear sláinte na Gaeilge ar an gcaoi seo. Go minic ní shamhlaítear go bhfuil tábhacht dá laghad ag baint leis an scríbhneoireacht chruthaíoch amhráin i mbeatha na teanga. Tá na Gaeil ar fad ríméadach go bhfuil Acht Teanga ann anois a chinntíonn go mbeidh Tuarascáil Bhliantúil le fáil go hiomlán i nGaeilge ó eagrais phoiblí, ach ní léitear fiú i mBéarla na tuarascála céanna. Nuair a ghéill an Rialtas d’éileamh an ghrúpa ‘Stadas’, chun stadas teanga oibre a bhaint amach don Ghaeilge san A.E, shílféa ón luacháir a bhí ar na Gaeil go raibh Colm a’ Bhailís tagtha ar ais óna mairbh agus gur iarr Dido air a bheith ag rappáil ar a singil nua.

Ní hí an teanga chorparáideach a shábháilfidh an Ghaeilge. Níl beocht ná spiorad sa teanga sin, is cuma ann nó as í. Níl aon duine ag gríosadh na hóige chun iad féin a chur in iúl, ina gcuid focal féin, tré Ghaeilge. Maireann teanga ar bheatha a cuid ealaíne. Tá arán na Gaeilge stálaithe. Féach chomh h-úr agus atá bia an Bhéarla. Tá beocht sa teanga sin i ngeall ar go bhfuil cead cainte ag an nglúin óig inti. Tá cinsireacht á déanamh ag na Gaeil ar an óige – ó thaobh an cheoil de ar aon nós.

Tógann sé an-chuid oibre orthu siúd atá ag scríobh amhráin i nGaeilge chun teacht ar a nguth féin. Bíonn an claonadh ann ar dtús chun nathanna cainte seanfhaiseanta a úsáid ar nós ‘a stóirín’, ‘i bhfad i gcéin’, ‘mo mhíle grá’, ‘stór geal mo chroí’…bla bla bla. Ní Labhraíonn aon duine mar seo níos mó! Fiú dá gcuirfeá ceist ar ghrúpa heavy metal ón nGaeltacht (agus tá siad ann!) chun amhrán nuachumtha Gaeilge a scríobh, tá seans ann go n-úsáidfeadh siad roinnt de na nathanna seo.

Tá an fhorbairt teanga seo déanta ag roinnt scríbhneoirí ar ndóigh – Kíla, John Spillane agus Louis De Paor, Gearóid Mac Lochlainn agus Clíodhna Ní Mhurchú, i measc daoine eile. Don chuid is mó, áfach, tá an claonadh ann amhráin seanfhaiseanta a scríobh, nó aghaidh a thabhairt ar scríobh i mBéarla (seo má tá siad cruthaíoch ar chor ar bith).

Is é an fáth atá leis seo ná nach bhfuil an éabhlóid chéanna déanta ag amhráin tré Ghaeilge agus atá ag amhráin i dteangacha eile. D’fhéadfaí a rá go raibh borradh faoin amhránaíocht nuachumtha sna hochtódaí nuair a scríobh leithéidí Chiaráin Festy, agus Tomáis Rua amhráin ar nós ‘Amhrán Sheáin Uí Mhainnín’ agus ‘Pócaí Folamh ‘s Cloigeann Tinn’. Bhí na hamhráin seo ar fheabhas, agus bhí borradh faoin amhránaíocht sa Ghaeltacht ag an am, ach ní borradh a bhí ann a chuir cultúr óg an rac-cheoil chun tosaigh. ‘Country ‘n Irish’ a bhí i gceist leis an amhránaíocht seo, bhí si díríthe níos mó ar dhaoine meánaosta agus, cé go raibh sí ‘nua’, bhí sí fós go mór faoi thionchar an traidisiúin.

Is é an t-aoisghrúpa 16-25 bliain d’aois a athraíonn dinimic na teanga. Ba chóir tuilleadh, tuilleadh agus tuilleadh spreagadh a thabhairt do ghrúpaí óga san aoisghrúpa seo chun amhráin a chumadh. So what, má bhíonn beagán Béarla sna liricí?, má bhíonn fucáil agus blindáil ann? So what, má bhíonn an giotár róárd agus na drum loops aisteach?

Ní h-amháin gur chóir spreagadh a thabhairt do na grúpaí seo, freisin ba chóir na hamhráin nua a thaifeadadh (tá an teicneolaíocht an-saor anois) agus ba chóir don raidió na hamhráin a sheinnt chuile lá. Go minic.

Nuair a bhí mise sa mheánscoil bhí grúpa rock agam féin agus roinnt leaids eile. Bhí muid chomh dona nach raibh sé de chumas againn ceol daoine eile a fhoghlaim, mar sin thosaigh muid ar ár gcuid cheoil féin a sheinnt. Ní raibh aon Mhozart, Beethoven nó Séamas Ennis inár measc ach thaitin ár stíl leis na scoláirí eile agus bhain muid ar fad an-gháire as. Is cuimhin liom líne as ceann de na hamhráin a dúirt ‘cuir im ar do bhuillín’, líne a bhí mar shaghas catchphrase ar feadh tréimhse sa scoil. Ar ndóigh ní raibh ann ach seafóid, ach is as an chineál seo seafóide a fhásann beocht teanga, agus a thagann forbairt ar stíl nua, chomhaimseartha amhráin.

Nach bhfuil an iomarca bindealáin agus drugaí againn cheana?

Published on 1 November 2004

Breandán Ó hEaghra is a member of the contemporary Irish language group Rís and Director of Meas Media.

comments powered by Disqus