Corn Uí Con Cheanainn

Corn Uí Con Cheanainn

Saturday, 9 March 2024, 1.00pm

Is comórtas amhránaíochta ar an sean-nós do scoláirí tríú leibhéal é Corn Uí Con Cheanainn agus is i gcuimhne ar an sárfhonnadóir, Ciarán Ó Con Cheanainn a bunaíodh é. Beidh sé á reáchtáil arís in Áras na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe ar an Satharn, an 09 Márta ag 1pm. 

Glacfar le hiarratais do Chorn Uí Chon Cheanainn suas go dtí an 01 Márta. 

Rugadh agus tógadh Ciarán Ó Con Cheanainn i Sáile Chuanna, Indreabhán, áit a bhfuil cónaí fós ar a mháthair, Brídín. D’fhreastail sé ar Scoil Shailearna agus ar Choláiste Cholmcille agus fiú is é an-óg, bhí gealladh faoi agus is iomaí duais litríochta a ghnóthaigh sé. Fios agus craic a thug go ranganna amhránaíochta Mháire Pheitir Uí Dhroighneáin é ach thuig sé féin agus a mheantóir tar éis tamaill go raibh bua na hamhránaíochta aige. Níl comórtas faoin spéir nár bhuaigh Ciarán: Fleadh Cheoil na hÉireann, Corn Mháire Nic Dhonnchadha, Comórtas Sean-nós na bhFear agus dar ndóigh ba é an duine ab óige ag an am a chroch leis Corn Uí Riada in 2008. Scoláire léannta a bhí ann chomh maith agus is ag gabháil den PhD a bhí sé nuair a sciobadh uainn go tobann é i mí Feabhra na bliana 2009.

Is iad a chairde agus a chomhghleacaithe i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath a bhunaigh an comórtas bliantúil chun comóradh a dhéanamh ar oidhreacht Chiaráin agus chun deis a thabhairt do scoláirí a mbuanna agus a dtallann amhránaíochta a léiriú agus a cheiliúradh. Is in Ollscoil na Gaillimhe, alma mater Chiaráin, a tionóladh an comórtas anuraidh. Lá speisialta a bhí ann mar a raibh deis ag an gcomhluadar éisteacht le scoth na n-amhránaithe agus a gcuimhní ar Chiarán a roinnt.

Tá an lucht eagraithe ag súil go mbeidh freastal maith ar an ócáid arís i mbliana agus tá urraíocht fhlaithiúlach faighte acu ó Oireachtas na Gaeilge, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Foras na Gaeilge, Ciste Spreagtha Sheachtain na Gaeilge agus Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga. Déanfar beoshruthú freisin ar an gcomórtas ar leathanach facebook Corn Uí Chon Cheanainn | Facebook.

Tuilleadh eolais: cornuicc23 [at] gmail.com

Odí Ní Chéilleachair ag odi.nicheilleachair [at] ollscoilnagaillimhe.ie   086-8643125

Evan Ó Gríofa evanogriofa [at] ollscoilnagaillimhe.ie   087-9434541

WebsiteAdd a Listing

Published by Journal of Music on 4 March 2024

comments powered by Disqus

Please note that some listings are added by third parties. The Journal of Music does not take responsibility for the content or accuracy of listings published by third parties on this site. The Journal of Music reserves the right to edit or delete listings. Click here to add a listing, login or register.