Stiúrthóir Feidhmiúcháin / Executive Director
Is ionad ealaíon Gaeilge í Cultúrlann McAdam Ó Fiaich atá suite i gcroílár na Ceathrún Gaeltachta i mBéal Feirste. Is mian linn Stiúrthóir Feidhmiúchán a earcú a fhorbróidh an t-eagras amach anseo. Spriocdháta d'iarratais 01/05/24. Eolas ó 028 9096 4180.
Fís na heagraíochta mar ionad ealaíon Gaeilge a fhorbairt, a aontú le Bord na Cultúrlainne agus a chur chun cinn. Comhoibriú leis an Bhord agus leis an Fhoireann Shinsearach chun Plean Straitéiseach fadtéarmach na Cultúrlainne a leagan amach agus spriocanna an Phlean sin a chur i bhfeidhm. Ionad bríomhar tarraingteach a chruthú sa Chultúrlann, ionad atá tiomanta don Ghaeilge agus do na healaíona agus a chuireann ardchaighdeán seirbhíse ar fáil.