Bainisteoir Léirithe & Oibríochtaí

Bainisteoir Léirithe & Oibríochtaí

Monday, 4 October 2021, 5.00pm

Ionad Nua
Osclóidh Stiúideo Cuan ionad nua ealaíne, cultúir agus ceoil ar an Spidéal an fómhar seo. Is é sprioc na cultúrlainne áiseanna ealaíne den scoth a chur ar fáil agus dlús a chur le himeachtaí ceoil agus cultúrtha sa gceantar agus cur le bonneagar na n-ealaíon i gConamara agus san iarthar trí chéile.

Cé Muid?

Comhlacht Léirithe
Léiríonn Stiúideo Cuan saothair ealaíne ar ardchaighdeán don stáitse, don raidió agus don scáileán.

Ionad Ealaíne agus Comhdhála
Áis ilealaíne agus ionad ceoil den scoth é Stiúideo Cuan atá feiliúnach d’imeachtaí cultúrtha, comhdhálacha agus ócáidí den uile chineál.

Stiúideo Taifeadta agus Iarléirithe
Cuireann Stiúideo Cuan seirbhísí taifeadta agus iarléirithe físe agus fuaime ar fáil don earnáil cheoil agus chlosamhairc.

Tá folúntas lánaimseartha ag Stiúideo Cuan agus duine fuinniúil, díograiseach á lorg againn don ról Bainisteoir Léirithe & Oibríochtaí.

Bainisteoir Léirithe & Oibríochtaí
Beidh an Bainisteoir Léirithe & Oibríochtaí freagrach as ionad agus imeachtaí Stiúideo Cuan a riaradh i gcomhar le bainistíocht an stiúideo.

Téarmaí
Is post lánaimseartha 40 uair sa tseachtain é seo. Beidh obair san oíche, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire poiblí i gceist ó am go ham. Beidh an té a cheapfar ag obair i Stiúideo Cuan, An Spidéal, Co na Gaillimhe agus ar láithreacha seachtracha léirithe nuair is gá. Beidh an Bainisteoir Léirithe & Oibríochtaí ag tuairisciú do Stiúrthóir Cruthaitheach Stiúideo Cuan. Is é €55,000 tuarastal an phoist. Déanfar conradh bliana leis an té a n-éireoidh leis/léi sa gcomórtas seo ach beidh conradh leanúnach ar fáil faoi réir sheirbhís shásúil.

Dualgais

  • Clár imeachtaí agus ealaíne an ionaid a chur i bhfeidhm i gcomhar leis an Stiúrthóir Cruthaitheach agus foireann eile Stiúideo Cuan.
  • Margaíocht agus poiblíocht a dhéanamh ar an ionad agus ar chlár ealaíne an ionaid.
  • Forbairt a dhéanamh ar ghnó agus díolachán áiseanna an ionaid – stiúideo taifeadta, áiseanna iarléirithe, seomraí cruinnithe, imeachtaí agus ócáidí.
  • Freastal éifeachtach a dhéanamh ar riachtanais chliaint Stiúideo Cuan.
  • Bainistiú a dhéanamh ar shuíomhanna idirlín agus meáin shóisialta an ionaid.
  • Comhordú agus maoirseacht a dhéanamh ar fhoireann tacaíochta agus ócáideach san ionad agus ar léirithe an Ionaid ar láithreacha seachtracha.
  • Bainistiú a dhéanamh ar áiseanna an ionaid ó lá go lá.

Fáilteofar roimh iarratais ó iarrthóirí cáilithe. D’fhéadfaí gearrliostáil agus measúnuithe praiticiúla a úsáid sa bpróiseas roghnúcháin. Déanfar tástáil ar thaithí na n-iarrthóirí de réir phríomhinniúlachtaí an róil ag céim an agallaimh.

Critéir Riachtanacha

  • Gaeilge líofa, idir labhairt agus scríobh.
  • Ceadúnas Iomlán Tiomána.

Taithí Inmhianaithe

  • Taithí ar struchtúir agus phróisis choimisiúnaithe in earnálacha na n-ealaíon agus na meán.
  • Taithí ar an bpróiseas taifeadta, léirithe agus iarléirithe fuaime agus físe.
  • Taithí ar bhainistiú buiséid / tuairisciú airgeadais.

Príomhinniúlachtaí

  • Cumas bainistíochta cláir/tograí i réimse na n-ealaíon/na meán.
  • Cumas caidrimh ghnó a fhorbairt agus a bhainistiú.
  • Cumas maoirsithe/cinnireachta foirne.
  • Cumas margaíochta agus poiblíochta.
  • Cumas in ábhar físe/fuaime a chruthú do na meáin shóisialta.

Ní mór d’iarratasóirí CV agus litir chlúdaigh a sheoladh chuig oifig [at] studiocuan.ie roimh 5pm Dé Luain 4 Deireadh Fómhair. Is í an Ghaeilge teanga oibre Stiúideo Cuan.

WebsiteAdd a Listing

Published by Journal of Music on 24 September 2021

comments powered by Disqus

Please note that some listings are added by third parties. The Journal of Music does not take responsibility for the content or accuracy of listings published by third parties on this site. The Journal of Music reserves the right to edit or delete listings. Click here to add a listing, login or register.