Scéim Sparánachta sna hEalaíon 2020

Scéim Sparánachta sna hEalaíon 2020

Tuesday, 4 August 2020, 5.00pm

Cúlra
Cuirtear fáilte roimh ealaíontóirí iarratas a dhéanamh ar Sparánacht sna hEalaíon. Tá an Scéim Sparánacht a chomh-mhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon agus is cuid lárnach é den straitéis leanúnach le haghaidh forbairt na n-ealaíon sa Ghaeltacht.

Tá sé i gceist trín scéim seo deis a chur ar fáil don ealaíontóir am a chur ar leataobh le forbairt cleachtais ealaíona a bhaint amach. Cé go mbeidh deis ann obair nua a bheith cruthaithe, níl sé seo mar choinníoll scéime.

Tá sé tábhachtach go dtugann an t-iarratas léiriú soiléir agus cuimsitheach ar do chuid oibre ealaíona go dáta, ar na mianta ealaíona a bhaineann leis an méid atá beartaithe leis an sparánacht seo agus ar an leas a bheidh ann d’fhorbairt do chleachtas. Is painéil neamhspleách a dhéanann measúnú ar na hiarratais agus ní féidir glacadh go mbeidh siad ar an eolas faoi do chleachtas nó do shaothar ealaíne.

Aidhm na Scéime 
Is é aidhm na scéime ná:
– Tacaíocht a chur ar fáil don ealaíontóir aonarach chun
– Feabhas a chur ar a c(h)leachtas ealaíon féin agus lena g(h)airm beatha a fhorbairt.
– Cur leis na scileanna ealaíon agus leis an taithí ealaíon atá aige/aici.

Trín scéim, tugtar deis d’aon ealaíontóir am a chur ar leataobh le deis a thabhairt do/di díriú ar shaothar áirithe ealaíon, go háirithe trín iad a shaoradh ós na gnáth dualgais bhíonn orthu. Tá deis chomh maith ag an ealaíontóir oibriú le healaíontóir eile a bheadh mar mheantóir aige/aici ar feadh tréimhse. Tá sé de chead ag an ealaíontóir iarratas a dhéanamh ar chostais maireachtála, traenála, agus ábhar. Thiocfaí go mbeadh seirbhís comhairleoireachta nó trealamh a thógfar ar chíos san áireamh chomh maith. Glacfar le haon chostais a bheadh lárnach nó riachtanach don bpróiseas cruthaitheach agus do chur chun cinn agus d’fhorbairt na hoibre, ach is ar am a chuir ar leataoibh atá an bhéim.

Cé ar atá an Scéim seo dírithe?
Tá an scéim dírithe orthu siúd atá ag saothrú mar ealaíontóirí gairmiúla. Ní gá go mbeadh ioncam leanúnach aige/aici ón gcleachtas ealaíon, ach is gá cuntas beatha (CV) a chur ar fáil a thugann léargas ar a s(h)aothar ealaíon go dáta.
Tá cead ag ealaíontóirí d’aon mheán ealaíon, atá ag maireachtáil sa Ghaeltacht, iarratas a dhéanamh (m.sh. scríbhneoirí, ceoltóirí, rinceoirí, fís-ealaíontóirí, aisteoirí & r.l.). Ní foinse ioncaim nó tacaíocht bhliantúil do thograí ealaíon atá sa scéim seo. Tabharfar tús áite d’iarrthóirí nua, ach d’fhéadfaí go gcuirfear iarratais suimiúla uathu siúd a fuair maoiniú cheana faoin scéim san áireamh chomh maith.

Tá níos mó eolais ar fáil ag an nasc thíos.

WebsiteAdd a Listing

Published by Journal of Music on 15 July 2020

comments powered by Disqus

Please note that some listings are added by third parties. The Journal of Music does not take responsibility for the content or accuracy of listings published by third parties on this site. The Journal of Music reserves the right to edit or delete listings. Click here to add a listing, login or register.