
Beo/Live: Tempest
Cuireadh Tempest ar bun in 2023 agus meastar iad cheana féin a bheith ina n-eiseamláir bheoga de cheol agus d’amhránaíocht na hÉireann. Tá clú agus cáil bainte amach ag gach ceoltóir sa ghrúpa chumhachtach seo de cheoltóirí Gaelacha ó Chúige Uladh ina ngairmréanna ceoil faoi leith go sea: Brendan Mulholland (fliúiteanna), Bláithín Mhic Cana (amhránaíocht), Aaron O’ Hagan (píoba uilleann, fliúit, feadóga) agus Luke Ward (basúcaí, amhránaíocht). Tá siad fréamhaithe in oidhreacht, amhránaíocht agus ceol a gcúige dúchais, Ulaidh, óna dtagann mórán de na foinn, agus dírítear ar thraidisiún amhránaíochta Ard Mhacha Theas, ceantar dúchais Bhláithín. Bí linn le seoladh a gcéad albaim Tempest, atá ainmnithe astu, a cheiliúradh. Táthar ag feitheamh go cruaidh leis agus táthar ag rá go mbainfidh sé croitheadh as saol an cheoil thraidisiúnta.
Beár teoranta ar fáil.
Ticéad: £12 (+ taille airithinte)
- - -
Formed in 2023, Tempest are already regarded as a vibrant exponent of traditional Irish music and song. Each musician of this powerful ensemble of traditional Irish musicians from Ulster has achieved acclaim in their respective musical careers to date: Brendan Mulholland (flutes), Bláithín Mhic Cana (vocals), Aaron O’ Hagan (uilleann pipes, flute, whistles) and Luke Ward (bouzouki, vocals). Firmly rooted in the heritage, song and music of their native Ulster from where many of the tunes originate, there is a focus on the singing tradition of Bláithín’s native South Armagh. Join us to celebrate the album launch of their self-titled debut album Tempest. It is highly anticipated and tipped to take the traditional music scene by storm.
Limited bar available.
Tickets: £12 (+ booking fee)