Scoil Gheimhridh Merriman 2023

Scoil Gheimhridh Merriman 2023

Friday, 27 January 2023, 8.00pm

Scoil Gheimhridh Merriman 2023
Is in Óstán Chuan na Gaillimhe a bheidh Scoil Gheimhridh Merriman 2023

Dátaí
27-29ú Eanáir
(Aoine go Domhnach).

Ionad
Óstán Chuan na Gaillimhe (Galway Bay Hotel), Bóthar na Trá, Gaillimh.
(Tá rátaí speisialta ar fáil san óstán do rannphártaithe na Scoile)

Téama na Scoile
Bláthú agus Buanú na Gaeilge: Oidhreacht, Éiceolaíocht agus Fiontraíocht

Beidh ábhar na Scoile á chíoradh ag scoláirí, ealaíontóirí, lucht cleachtais agus critice.

I measc na n-aíonna, beidh Michael Cronin, Anna Ní Ghallachair, Emer Ní Bhrádaigh, Ríonach Ní Néill, Toner Quinn, Diarmuid Ó Mathúna, Emma Verling, Macdara Ó Cuaig agus Críostóir Mac Cárthaigh.

***
Clár na Scoile

Dé hAoine 27 Eanáir
6.00in Clárú

7.30in Fáiltiú

8.15in Oscailt na Scoile: An tOllamh Michael Cronin, Coláiste na Tríonóide

8.30in An Fhiontraíocht – Crann Taca don Ghaeilge agus don Éiceolaíocht

Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, agus an Dr Emer Ní Bhrádaigh, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, i mbun allagair le Máire Ní Neachtain.

10.00in Club Merriman

Dé Sathairn 28 Eanáir
10.30rn Siompóisiam
Ó Bhriathar go Beart: Cur chun cinn na hOidhreachta, na hÉiceolaíochta agus na Fiontraíochta

An Dr Ríonach Ní Néill, Ealaíontóir

Toner Quinn, Ceoltóir agus criticeoir

Diarmuid Ó Mathúna, Úinéir agus bainisteoir, POTA Café

Cathaoirleach: An Dr Trevor Herbert

1.45in Turas treoraithe i nDrioglann Mhicil

Turas spleodrach, eolach ar dhéantús biotáillí agus traidisiún na stiléireachta, áit a léireofar mar a thug muintir Ghriallais ó Dhrioglann Mhicil leo an cheird sin óna sinsear i gConamara.

Ag teacht le chéile ag Fáiltiú an Óstáin, Galway Bay Hotel, agus ag siúl chuig Drioglann Mhicil, Oslo Bar, 226 Bóthar na Trá Uachtarach. Is oth linn nach bhfuil an Drioglann inrochtana ag cathaoireacha rothaí.

Ticéad: €18. San áireamh: Turas treoraithe 45–60 nóiméad agus blaiseadh uisce beatha. Tá líon na dticéad don turas seo teoranta agus moltar ticéid a cheannach roimh ré anseo.

5.00in Seoladh Leabhar

Culture, Contention and Identity in Seventeenth-Century Ireland: Antonius Bruodinus’ Anatomical Examination of Thomas Carve’s Apologetic Handbook
In eagar ag Giacomo Fedeli, Luke McInerney agus Brian Ó Dálaigh
(Cork University Press)
Á sheoladh ag an Athair Mícheál Mac Craith OFM.

Ó Chleamairí go Ceamaraí: Drámaíocht agus Taibhealaíona na Gaeilge faoi chaibidil
In eagar ag Éadaoin Ní Mhuircheartaigh, Róisín Ní Ghairbhí agus Pádraig Ó Liatháin (CLÓ Léann na Gaeilge)
Á sheoladh ag Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Reachtaire: An Dr Deirdre Nic Mhathúna

8.30in Ag Treabhadh na dTonn: Eolaíocht agus Éiceolaíocht na Mara

An Dr Emma Verling, MaREI, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus Macdara Ó Cuaig, Foras na Mara, i mbun allagair le Mairéad Ní Nuadháin.

10.00in Club Merriman

Dé Domhnaigh 29 Eanáir
11.00rn Dúchas agus Oiliúint: Léargas Físiúil ar Ghnéithe den Chultúr Ábhartha

An Dr Críostóir Mac Cárthaigh, An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath

Reachtaire: An Dr Róisín Nic Dhonncha

Ar taispeáint ag Scoil Gheimhridh Merriman 2023:

Saíocht & Saoránacht: Tomás Ó Máille

Taispeántas faoi shaol agus faoi shaothar an chéad ollamh le Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe, Tomás Ó Máille (1880-1938). Féach https://ollscoilnagaillimhe.ie/tomasomaille.

Flóra Chois Fharraige

Léargas ar phlandaí coitianta agus neamhchoitianta atá le feiceáil i gceantar Chois Fharraige, Co na Gaillimhe. Féach www.florachoisfharraige.ie

WebsiteAdd a Listing

Published by Journal of Music on 7 January 2023

comments powered by Disqus

Please note that some listings are added by third parties. The Journal of Music does not take responsibility for the content or accuracy of listings published by third parties on this site. The Journal of Music reserves the right to edit or delete listings. Click here to add a listing, login or register.