Tochas Usher Nó Ceol Araibíse Mhuintir Elsafty?

Tochas Usher Nó Ceol Araibíse Mhuintir Elsafty?

Is Irish-language song in a western pop music ghetto? It needs a much broader musical context, writes Breandán Ó hEaghra

Tá comharsa béaldorais liom a bhfuil an oiread gráin aige ar cheol gur chuir sé fógra ar a gheata sula dtáinig micléinn Ghaeilge chun tí: ‘If you have a guitar, please leave it in its case until the course is over’. ‘Seo mo theachsa’, a dúirt sé liom, ‘ní theastaíonn uaim trí seachtainí de “American Pie” a chloisteáil’. Seans nár éist sé leis an raidió le blianta fada, mar tá cúpla glúin imithe ó bhí ‘American Pie’ in ard a réime, agus go tóin poill atá na liricí titithe.

Caithfidh mé admháil go nglacaim féin an ghráin ar chineálacha áirithe ceoil ó am go chéile, agus faoi láthair tá beagán achrainn idir mé agus ceol le liricí Béarla. Ní féidir an raidió a chasadh air anois gan pleib éigín a chloisteáil ag grágail faoin damáiste atá le déanamh aige sa gclub oíche.

Chas mé air RnaG le gairid ag tóraíocht faoisimh ón ghnáthráiméis, ach séard a bhí romham ná fear i bpéin agus é ag béicíl: ‘I’m gonna make love in this club, in this club, in this club, TONIGHT….’ Ba léir ón láithreoir gurbh é an réalt mór Meiriceánach Usher a bhí ann, agus go deimhin d’fhan mé leis go deireadh, mar gur theastaigh uaim a fháil amach cén bealach a raibh sé chun an beart a dhéanamh. Meastú an raibh sé féin agus a ghrá geal le héalú thar na preabairí isteach go seomra na gclócaí? Nó an é gur chuma leis faoi chúrsaí príobháideachais agus go raibh sé chun gach snáth a chaitheamh dhe i lár an chlub oíche? Seo na ceisteanna práinneacha a bhí le freagairt ach níor thug sé pioc eolais, seachas go raibh sé chun LOVE a dhéanamh, sa gCLUB.

Ní ag caitheamh anuas ar RnaG atáim – seo an stáisiún raidió is fearr sa tír ar bheagnach gach slí. Nílim ach oiread ag caitheamh anuas ar an gcinneadh liricí Béarla a cheadú ar an stáisiún – aontaím leis sin agus sílim go bhfuil an stáisiún ag déanamh sárjab i dtaobh ceoil Éireannaigh a spreagadh. Ach tá rud éigin mícheart nuair atá sochaí na tíre seo ag tabhairt áirde ar mhiliúnaí óg éigin thall i bhFlorida a bhfuil tochas an diabhail ina threabhsar ar oíche Shatharn.

Ag an am céanna, tá talann den scoth ar leac an dorais anseo agus ní theastaíonn liricí Béarla, ná Gaeilge uathu, mar a fuair mé amach le gairid. Díríodh mo chuid áirde píosa ó shin ar Naisrín agus Zahrah Elsafty – beirt iníon le Treasa Ní Cheannabháin, bean a bhfuil clú agus cáil uirthi i dtaobh a cuid amhránaíochta ar an sean-nós. Tá cáil freisin ar an iníon is sine Róisín, le fada an lá anois, mar dhuine de na hamhránaithe sean-nóis is fearr dá bhfuil againn.

Bhí Naisrín agus Zahrah ar stáitse i mí Iúil seo caite ag ceolchoirm a d’eagraigh Treasa chun airgead a bhailiú do Ghaza agus sílim gur leagadar síos marc an oíche sin i dtaobh an chineál ceoil a d’fhéadfadh siad a thabhairt dhúinn sna blianta atá le theacht. Chan an bheirt amhrán Araibíse den teideal ‘La Aheda Yalem’ (Níl Fhios ag Éinne). Amhrán polaitiúil ab ea seo ó dhearcadh mná a chaill an-chuid sa saol. Bhí buairt agus crá na mná soiléir ón amhrán, agus bhí macalla an tsean-nóis le cloisteáil sa gcur i láthair. Ní chloisfear an t-amhrán seo ar na meáin Bhéarla, ach sílim go mbeadh sé an-oiriúnach ar stáisiún raidió Gaeilge. Go deimhin, sílim go gcuirfeadh a leithéid d’amhrán go mór le saibhreas ceoil na Gaeltachta.

Mar phobal a labhrann mionteanga i lár aonaigh an Bhéarla, caithfimid léiriú do dhaoine óga go bhfuil ceol agus cultúir eile amuigh ansin seachas popcheol i mBéarla, agus go bhfuil áit do cheol na Gaeilge le taobh ceoil domhanda eile. Tá amhráin de scoth in Araibís, i mBreatnais, in Ioruais srl. agus níl seans dá laghad go gcuirfí ar stáisiún Béarla iad, ach tá deis faoi leith ag stáisiún Gaeilge chun iad a sheinnt. Cén mhaith a dhul in iomaíocht le 2FM chun amhrán nua le Usher a chasadh? Nach cinéal rása ráiméise é sin?

Ba bhreá dá dtabharfadh RnaG cuireadh do Naisrín agus Zahrah a theacht isteach sa stiúideo chun ‘La Aheda Yalem’ a thaifeadadh beo, b’fhéidir fiú le tionlacan Dhónal Lunny mar a bhí acu ar an oíche úd. Tá nascanna eile a d’fhéadfaí a dhéanamh freisin lasmuigh den raidió, b’fhéidir fiú réalt mór ceoil Arabaigh ar nós Soud Massi a thabhairt anall go hÉireann le cur ar stáitse in éineacht le Róisín, Naisrín agus Zahrah.

Beidh sé suimiúil forbairt na beirte a fheiceáil sna blianta atá le teacht. D’fhéadfaí tnúth leis an nasc ceoil a chothóidh siad idir Gaeilge agus Araibís. Níl fhios cén uaillmhian atá ag Naisrín agus Zahrah i dtaobh an cheoil – an dteastaíonn uathu saol a chaitheamh leis mar ghnó nó arbh fhearr leo é a choinneáil scartha óna slí bheatha? Cibé céard a shocraíonn siad sílim go bhfuil neart le teacht uathu sna blianta atá romhainn.

Tá súil agam, áfach, go bhfanfaidh siad glan ar na clubanna oíche ag a dtéann Usher!

Published on 1 September 2008

Breandán Ó hEaghra is a member of the contemporary Irish language group Rís and Director of Meas Media.

comments powered by Disqus