Slán le Ciarán

Remembering the young traditional singer and scholar Ciarán Ó Con Cheanainn, who died in February

Bhí léirmheas le déanamh agam faoi dhlúthdhiosca nua Chló Iar-Chonnachta, Corn Uí Riada Buaiteoirí, 1972–2007, nuair a tháinig an nuacht faoi bhás tubaisteach Chiaráin Uí Chon Cheanainn, buaiteoir Chorn na bliana seo caite, chun solais.

Chuir mé aithne ar Chiarán den chéad uair nuair a bhí mé ag obair ar Fhéile 2000 i nGaillimh.  Bhí sé mar dhuine de cheathrar amhránaithe sean-nóis a sheas ar stáitse Amharclainn na Cathrach oíche amháin i rith na féile; agus cé go raibh sé ar an duine ab óige den gceathrar ba léir gur thóg sé a áit le paisean agus leis an gcinéal dáiríreachta a sheas leis ar feadh a shaoil.  Bhí guth láidir, údarásach aige agus ba léir go raibh meas na n-amhránaithe eile aige chomh maith le meas an tslua.

Sna blianta beaga idir seo agus sin chas mé go minic le Ciarán agus bhí an t-ádh orm é a chloisteáil i mbun amhránaíochta ar an iomaí ócáid. Ní hamháin, áfach, gurbh é duine de na hamhránaithe ab fhearr thart, ach ina theannta sin, bhí Ciarán tar éis an-chuid staidéir a dhéanamh ar thraidisiún na n-amhrán. Tá an-chuid oibre acadúla fágtha taobh thiar aige a chuideoidh le mic léinn na Gaeilge ar feadh na mblianta fada amach romhainn.

’Sé an trua nach bhfuil Ciarán féin ar an dlúthdhiosca nua ó Chló Iar-Chonnachta, ach ar ndóigh d’eisíodh an dlúthdhiosca seo roinnt míosa ó shin agus déanann sé ceiliúradh ar an dtrí bliana fichead, idir 1972 agus 2008, ón uair ar thosaigh RTÉ Raidió na Gaeltachta ar chraoladh an chomórtais. Cé go bhfuil glór Chiaráin in easnamh ar an diosca, níl seisean gan rian láidir a leagan ar an bhfoilseachán féin, ó tharla gurbh é féin a scríobh an réamhrá; rud a léiríonn a chuid saineolais agus a sheasamh i measc lucht an tsean-nóis.

Is breá iad na hamhráin agus na hamhránaithe atá le cloisteáil ar an dlúthdhiosca féin. Laochra an tsean-nóis dáiríre, ó Josie Sheáin Jeaic go Máirtín Tom Sheainín. Tá leithéidí Nan Tom Teaimín agus Sarah Ghriallais draíochtúil amach agus amach ar an diosca seo; an leagan is deise air dar chualas riamh den ‘Cailín Fearúil Fionn’ ón gcéad bhean luaite. Ach ’sé buaicphoinnte an dlúthdhiosca, dár liom, ná ‘Peigín Audley’ ó Mhicheál Ó Confhaola. Seo rock’n’roll an tsean-nóis – Liam Gallagher Chonamara!

Scríobh mise go minic anseo faoin iomarca béime a chuireann amhránaithe sean-nóis ar chomórtais agus gur chóir áird a dhíriú a thuilleadh ar chur i láthair an tsean-nóis taobh amuigh de chóras na gcomórtas. Ach ní shin le rá nach bhfuil tábhacht faoi leith ag baint le Corn Uí Riada. Murach é is beag árdán a bheadh ag amhránaíocht ar an sean-nós go náisiúnta. Mar sin tá ardchreidiúint ag dul do lucht an Oireachtais, agus do lucht Raidió na Gaeltachta chomh maith a chraol na comórtais seo bliain i ndiaidh bliana.

Ba léir go raibh tábhacht faoi leith le Corn Uí Riada do Chiarán Ó Con Cheanainn agus go deimhin ba mhinic linn casadh leis féin agus lena mhuintir ag Oireachtas na Gaeilge. Thug a chlann tacaíocht dó go seasta mar gur chreideadar sa talann láidir a bhí aige. Nuair a bhain Ciarán príomhdhuais Chorn Uí Riada amach an bhliain seo caite ba ar a athair, atá ar shlí na fírinne, a smaoinigh mé láithreach. Bhí sé cinnte thuas in áit éigin agus é fíorbhródúil as a mhac.

Cé gur crua é in amanna, ní féidir stop a chur le himeacht ama agus na daoine is mó linn sa saol a choinneáil i ngar dúinn. Maireann máthair agus deirfiúr Chiaráin fós, agus más ar athair Chiaráin a smaoiníos nuair a bhuaigh sé Corn Uí Riada, is orthusan beirt a smaoinigh mé ar a chloisteáil gur bhásaigh sé. Is beag an sólás dóibh anois é, ach níl aon bhréag ná plámás i gceist nuair a deirimid gur réalt dáiríre ab ea Ciarán agus go scalfaidh loinnir a chuid ceoil go láidir ar feadh na mblianta fada, fada, le teacht.

Mar a dúirt mé cheana, ar bhealach amháin is é an trua é nach bhfuil Ciarán le cloisteáil ar an dlúthdhiosca seo a dhéanann ceiliúradh ar 25 bliain de bhuaiteoirí Chorn Uí Riada; ach ar bhealach ait freisin, is maith an rud é. I gceann 10 mbliana eile b’fhéidir go n-éiseofar dlúthdhiosca de na buaiteoirí ar fad idir 2008 agus 2018 agus is é glór Chiaráin a chuirfidh tús seachas críoch leis an gceirnín. Sin an bealach ab fhearr le smaoineamh air is dóigh liom – mar thúsphointe an tsean-nóis nua.

Guím suaimhneas na bhflaitheas dó, sólás dá mhuintir, agus go mba fada buan é mar réalt lonrach inár gcuid saoil.

Published on 1 April 2009

Breandán Ó hEaghra is a member of the contemporary Irish language group Rís and Director of Meas Media.

comments powered by Disqus