Seanfhir Dhalla, Cailíní Beaga agus Póitséalaithe an Cheoil

Breandán Ó hEaghra takes lessons with Comhaltas Ceoltóirí Éireann.

Bhí seanfhear ar mo bhaile-sa blianta fada ó shin a shocraigh, ag aois trí scóir agus seacht mbliana, go bhfoglaimeodh sé chun gluaisteán a thiomáint agus gurbh é m’athair-se a mhúinfeadh é. Níorbh é aois an fhir an fhadhb ar chor ar bith, ach nach raibh ag an diabhal bocht ach leathchos agus amharc súile amháin. Ar a bharr sin uilig, is ar éigin go raibh sé in ann faic a chloisteáil.

Shuigh sé isteach sa gcarr, chuir lámh ar an stiúir agus cos ar an urlár agus bhreathnaigh sé ar m’athair a bhí ag cur allais ar nós ramhráin sa bhfásach.

‘Ná déan imní a Liaim,’ a deir sé, ‘níl uaim ach a bheith in ann a dhul suas ag an siopa léi. Ní go Meiriceá atá muid ag dul.’

Is é an rud is deise faoi cheird nua a fhoghlaim agus aois ar dhuine ná go dtuigeann tú díreach céard atá uait. Is mar sin a bhí agam féin dhá bhliain ó shin nuair a chroch mé suas seanfhidil a bhí sa gclann ó thús an chéid seo caite. Dá mbeinn in ann roimh lá mo bháis suí síos i seisiún gan cur as rómhór do na ceoltóirí eile, bheinn chomh sásta le dreancaid sa leaba.

Tar éis dhá bhliain a chaitheamh ag foghlaim go díograsach as mo stuaim féin, shocraigh mé le gairid ar ranganna Chomhaltas Ceoltóirí Éireann a thaobhú. Ní raibh taithí ar bith agam ar ranganna dá leithéid mar, cé gur fada an lá mé i mbun ceoil de chinéal éigin, ní dheachaigh mé ariamh chuig ranganna foirmeálta.

Chuir sé iontas orm láithreach an méid carranna a bhí taobh amuigh den scoil ina raibh na ranganna ceoil ar siúl. Shíl mé ar dtús go raibh cruinniú mór éigin san áit, ach gan mhoill b’fhacthas dom go raibh chuile dhuine ansin chun ceol a fhoghlaim.

Idir óg agus aosta bhí na ranganna meascaithe, ag braith ar an staid ag a raibh na foghlaimeoirí lena n-úirlis féin. Chonaic mé beirt chara liom ag crochadh boscaí ceoil ar nós póitseálaithe a ghoid uan ó fheirmeoir, iad ag déanamh ar an rang chomh scioptha is a d’fhéadfaí ar fhaitíos go bhfeicfí iad. Nach diabhalta an náire a bhíonn ar dhuine rud ar bith a fhoglaim i gcuideachta dhaoine atá trí throigh níos ísle ná é féin!

Faoin am gur déanadh scagadh ar na fidiléirí uilig – tosaitheoirí chuig rang amháin, feabhsaitheoirí chuig rang eile, agus feabhsaitheoirí sinsearacha ag fanacht sa rang ina rabhadar – ní raibh fágtha ach mé féin, beirt chailín faoi bhun deich mbliana d’aois agus fear ina chuid tríochadaí ón Iodáil.

‘I’m glad I’m not the only auld fella learning’, a dúirt mé leis an Iodálach, sciotaíl bheag de gháire uaim. ‘I am your teacher’, an freagra a tháinig uaidh. Bhreathnaigh mé ar an mbeirt chailín óg agus mhothaigh mé ar nós pinsinéara ag rave.

Le himeacht na seachtainí tháinig méadú suntasach ar an rang i ngeall ar dhaoine a bhí ar chaighdeán a déarfadh gur chóir dóibh a bheith linne seachas sa rang inar cuireadh iad ar dtús. Nuair a deirim méadú suntasach séard atá i gceist agam ná go dtáinig scata cailíní beaga eile isteach linn. Bhí mise anois i mo sheanstaic suite i lár ranga le haon chailín déag – an duine ba shine acu ar chomhaois le mo ghluaisteán.

Tá cuid de na cailíní beaga seo ar fheabhas. D’aithneofá láithreach an dream a bheidh iontach amach anseo – tá stíl agus rithim go smior iontu. Tá cailíní eile nach bhfuil chomh fada ar aghaidh ach tá siad ag baint an-sult as na ranganna agus ag déanamh an-dul chun cinn. Ceist bheag amháin – cá bhfuil na buachaillí ar fad? Ná habair go bhfuil chuile bhuachaill ag caitheamh chuile nóiméad dá chuid ama saoir ag imirt peile? Má tá, togha, ach mura bhfuil cén fáth nach bhfuil ranganna ceoil á mealladh?

Tá Comhaltas Ceoltóirí Éireann ar an bhfód ó na caogadaí agus tá sé feicthe agam féin ó thosaigh mé leo go bhfuil obair ar siúl acu a chuireadh náire ar an arm. Tá siad eagraithe, díograsach agus ag obair go deonach ar mhaithe leis an gceol traidisiúnta. Tá moladh go leor á thabhairt don GAA as ucht a gcuid oibre ar fad trí na blianta, ach is léir go bhfuil an moladh céanna le tabhairt don Chomhaltas.

Mholfainnse d’aon duine fásta úirlis a phiocadh suas agus freastal ar cheann de na ranganna seo – is iontach go deo an caitheamh aimsire é agus tá tuilleadh de na oldies ag teastáil.

Maidir le mo chuid dul chun cinn féin ar an bhfidil – fanfaidh mé aige, ach níor mhór dom a bheith aireach. Séard a tharla don seanfhear i mbaile s’againne nár gur thiomáin sé chomh fada leis an siopa agus caol díreach isteach sa gclaí, ag déanamh praiseach den charr! Mar sin féin, bhí an-spraoi aige a fhad is a bhí an carr ar an mbóthar.

Published on 1 January 2008

Breandán Ó hEaghra is a member of the contemporary Irish language group Rís and Director of Meas Media.

comments powered by Disqus