Sa gCuinne Dána ag Lucht an tSean-nóis

Tarraingíodh raic agus rúcam ar Raidió na Gaeltachta le gairid i ngeall ar alt a scríobh mé san eagrán deireanach den JMI ag rá go raibh ‘nósanna nua de dhíth ar an sean-nós’....

Tarraingíodh raic agus rúcam ar Raidió na Gaeltachta le gairid i ngeall ar alt a scríobh mé san eagrán deireanach den JMI ag rá go raibh ‘nósanna nua de dhíth ar an sean-nós’. Sílim nach raibh Máirtín Tom Sheáinín ná a lucht éisteachta róthógtha leis an bpíosa!

Ar dtús báire tá ríméad orm gur tharraing mo chuid focal an oiread sin cainte ar an ábhar. Bhain Máirtín trí lá as an díospóireacht áirithe seo ar a chlár féin, Ard Tráthnóna. Chas sé amhrán ó CD nua mo ghrúpa, Rís, chun mo phointe i leith an tsean-nóis a léiriú. Go deimhin, fair play dhó, chas sé an t-amhrán ‘Sceitheadh’ trí lá as a chéile – beag albam comhaimseartha Gaeilge atá in ann an chreidiúint seo a fháil ó Mháirtín!

Bhí roinnt míthuisceana, áfach, maidir le céard go díreach a bhí á rá agam san alt. Ar dtús báire, nuair a dúirt mé go raibh ‘nósanna nua de dhíth ar an sean-nós’ séard a bhí i gceist agam ná gur chóir dhúinn an sean-nós a chur chun cinn ar bhealaí eile seachas díreach an fathach cumasach sin, Corn Uí Riada. Caithfidh muid réaltaí nua óga a chur chun cinn agus iad a chur ar stáitsí nua, ar bhealaí nua.

Ní amhrán ar an sean-nós é ‘Sceitheadh’ ach amhrán nuachumtha le sampla d’amhrán sean-nóis ag a thús. Ghlaoigh Máirtín Tom Sheainín ‘Cúirt Bhaile Nua’ ar an amhrán faoi thrí cé gur léirigh mé a mhalairt. Tá canbhás leathan ag ceol comhaimseartha an lae inniú. Sa gcuid is fearr de, nasctar samplaí d’ealaín dúchasach le fuaimeanna comhaimseartha. B’fhiú éisteacht leis an gceoltóir Indiach, Nitin Sawhney, a chuireann ceol dúchasach na hInde ós comhair na milliún daoine ar fud an domhain i gcomhthéacs comhaimseartha. Bhí muid ag iarraidh ceangal a tharraingt idir an sean agus an nua lenár gcéirnín Heileo Campello.

Tá ceol agus ealaín nuachumtha chuile phioc chomh tábhachtach le ceol/amhránaíocht traidisiúnta. Dearcadh cúngaigeantach, dar liom, a dheireann nach bhfuil mórán tábhachta le ceol nuachumtha. Cinnte b’fhearr le cuid mhaith de lucht éisteachta Máirtín Tom Sheáinín bheith ag éisteacht leis an seanleagan de ‘Chúirt Bhaile Nua’ ná le ‘Sceitheadh’. Beag seans, áfach, go bhfuil tóir ar bith ag an lucht éisteachta seo ar cheol comhaimseartha an lae inniú. Meastú ar chuala siad fiú faoi na Chemical Brothers, Evanescence, Moby, Talvin Singh nó Kanya West? Murar chuala ní chuireann a gcuid anailíse tada asam mar níl an ceol comhaimseartha seo dírithe rómhór orthu siúd.

Bhí na hamhránaithe sean-nóis, Josie Sheáin Jeaic agus Treasa Ní Cheannabháin, ar chlár Máirtín Tom Sheáinín freisin chun leanacht leis an díospóireacht seo. Ní raibh an bheirt seo rómheallta ag m’argóintí ach oiread, rud a chuir díomá orm. Ceistím go díreach iad céard a chuir as dóibh, mar is léir go bhfuil rud éigin ann nach dtuigim. An é go bhfuil albam comhaimseartha Gaeilge curtha amach ag Rís agus go bhfuil blaise beag den sean-nós ar cheann de na hamhráin? Nó an é go ndúirt mé gur chóir sean-nós a mhúineadh do chuile pháiste i gConamara agus ansin cead a gcinn a thabhairt do dhaoine chun ceol nua a chumadh bunaithe ar an sean-nós? Nó ar chuir sé as dóibh go ndúirt mé gur chóir dhúinn sean-nós a bhrú chun cinn ar stáitsí nua, ar bhealaí nua, chun taispeáint cé chomh mícheart agus atá an duine a shíleann gur ‘toothless capeens’ atá i gceist?

Tá ardmheas agam ar an mbeirt amhránaithe seo. Tá an-chuid ócáidí sean-nóis eagraithe agam i nGaillimh le roinnt blianta agus caithfidh mé a rá go mbeadh Treasa agus a clann i gcónaí go hard ar mo liosta teagmhála. Bhí díomá orm gur tarraingíodh isteach i ndíospóireacht í a bhí beagán aontaobhach agus iomlán míthuisceanach, sílim. Tá neart déanta ag an mbean chéanna chun ceol comhaimseartha a chur chun cinn chomh maith.

Dúirt Josie Sheáin Jeaic gur shíl sé nár chóir tionlacan a chur le sean-nós i ngeall ar go scriosann seo ábaltacht an amhránaí chun a chuid ornáidíochta féin a chur leis. Aontaím go hiomlán, ach freisin impím ar Josie éisteacht uair amháin eile leis an sampla atá ar ‘Sceitheadh’. Sa chás seo níl aon chaillteanas ar an ornáidíocht i nglór Rhóna Ní Chearbhail. Is é an fáth atá leis seo ná gur leag Rhóna síos an t-amhrán go hiomlán neamhspleách ó thionlacan agus gur úsáideadh mar shamplóir é ar amhrán nuachumtha. Sa gcaoi seo tá an cantóir iomlán dílis do thraidisiún an tsean-nóis. Tá ceoltóirí comhaimseartha ar fud an domhan á dhéanamh seo agus is cleas iontach é chun an cultúr traidisiúnta a mheascadh leis an gcultúr nua-aoiseach. Éist le léithéidí Cheb Alami ó Thuaisceart na hAfraice, Nitin Sawhney agus Talvin Singh ón Ind, Robbie Robertson le ‘Songs of the Native American Indian’. Seo an cineál ceoil gur chóir do RnaG a chasadh chun comhthéacs domhanda a thabhairt dúinn.

Tá sé tábhachtach an seanchultúr a chaomhnú ach chomh tábhachtach céanna cultúr comhaimseartha a spreagadh. I rith na díospóireachta ar fad bhí albam iomlán nuachumtha os a chomhair amach ag Máirtín Tom Sheáinín agus amhráin air a d’fhéadfadh a bheith taitneamhach dá lucht éisteachta ar nós ‘Sínte’ nó ‘Cailín Deas Cliste Carthanach na Lámha Míne’; ach níor thug sé spin ar bith dóibh! Ní dóigh liom go bhfuil oifigí RnaG curtha thar maoil le hamhráin chomhaimseartha Gaeilge?

Mar atá ráite agam, bhí ríméad orm gur tharraing m’alt roinnt chainte ar an ábhar seo. Tá mo chuid miotóg dornálaíochta nua ceannaithe agam agus mé réidh don dara babhta díospóireachta. Mar a déarfadh Muhammad Ali, ‘Bring it on, Ard Tráthnóna’!

Published on 1 March 2005

Breandán Ó hEaghra is a member of the contemporary Irish language group Rís and Director of Meas Media.

comments powered by Disqus