Réabhlóid Ealaíne na Gaillimhe

Project '06: an alternative to the Galway Arts Festival.

July ’06 saw the organising of an alternative Galway arts festival which went head to head with the Galway Arts Festival to draw attention to local artistic talent. Both festivals were hailed as great successes. However, the intention was never to create a ‘Fringe’, but rather to change the main festival. Has it succeeded? Breandán Ó hEaghra teases out the issues.

Bhí réabhlóid ealaíne i nGaillimh i mbliana nuair a chuaigh Togra ’06 (Project ’06) i ngleic le Féile Ealaíne na Gaillimhe chun léiriú don saol mór go raibh neamháird á déanamh ag an bhFéile ar ealaíontóirí áitiúla. I ngeall ar seo bhí dhá fhéile ealaíne á reachtáil ag an am céanna – rud a d’fhág go raibh féasta ramhar ealaíne ar fáil don ghnáthphobal.

Bhí an dá fhéile ar fheabhas iontu féin, agus tógtha le chéile is féidir a rá gurb é seo an bhliain ab fhearr ó thaobh ealaíne de i nGaillimh, is dóigh, ariamh. I dtéarmaí sacair, b’é seo Meicsiceó ’70, an corn domhanda is clúití dá raibh ann!

Dóibh siúd a thug cuairt ar Ghaillimh, agus do ghnáthphobal na Gaillimhe féin, is cinnte go raibh imeachtaí ealaíne ar chuile choirneál den chathair i rith na coicíse deireanaí de mhí Iúil. Thóg an mhórfhéile greim ar na hionaid traidisiúnta ar fad agus bhain Togra ’06 úsáid as hallaí scoile, clubanna oíche, cárrchlósanna, agus fiú busanna folamha.

Bhí an dá fhéile ar ardchaighdeán agus ba léir go raibh tóir an phobail orthu araon. Bhí ar Thogra ’06 laethanta breise a chur le an-chuid seóanna agus is cosúil gur tháinig méadú suntasach ar dhíolachán ticéad na Féile Ealaíne.
Gach rud hunky dory mar sin? ‘Togra’ eile an chéad bhliain eile? ‘Fringe’ bunaithe anois chun cur leis an mhórfhéile go nádúrtha? Beag baol dar le bunaitheoirí an Togra.

I mí Aibreáin seo caite tháinig suas le 400 ealaíontóirí le chéile in Óstán an Bhóthair Iarainn i nGaillimh chun tús a chur le Togra ’06. B’é dearcadh na n-ealaíontóirí seo ná go raibh neamháird á dhéanamh ag Féile Ealaíne na Gaillimhe ar na healaíontóirí áitiúla agus dá bharr sin go raibh easpa atmasféir sa gcathair i rith aimsir na Féile. Bhí an-chuid ghearán eile ann chomh maith. Bhí na ticéid ródhaor, ní dhearna an Fhéile aon iarracht a dhul i bhfeidhm ar an ghnáthphobal, ba chóir an ‘Big Top’ a thabhairt ar ais srl, srl. Go bunúsach, shíl fórmhór na n-ealaíontóirí gur beag ab fhiú dóibh teagmháil a dhéanamh leis an Fhéile de bhrí nach raibh meas dá laghad ag an Fhéile ar ghrúpaí na Gaillimhe agus go raibh siad ag díriú ar ghrúpaí idirnáisiúnta amháin a thabhairt isteach.

B’é dearcadh na Féile Ealaíne ná go rabhadar ag tabhairt áird ar ealaíontóirí áitiúla ach go raibh ceist chaighdeáin i gceist maidir le grúpaí a roghnú. Chomh maith leis seo bhí costas i gceist. Bhí an cúram roghnúcháin ag stiúrthóir ealaíne na Féile riamh a dúradar, agus leanfadh seo ar aghaidh mar sin.D’fhreagair Togra ’06 go cinnte an cheist chaighdeáin. Bhí 160 imeacht ar siúl san Fhéile seo, le breis agus míle ealaíontóir páirteach iontu. Ar an ábhar sin bhí sé dodhéanta na seóanna ar fad a fheiceáil, ach ón méid a facthas bhí an caighdeán ar chomhchéim leis an gcuid is mó de na himeachtaí a bhí sa mhórfhéile.

Bhí dhá imeacht déag ar siúl sa Togra tré Ghaeilge – i gcomparáid le himeacht amháin sa mhórfhéile. Bhí na himeachtaí Gaeilge ar fad ar ardchaighdeán agus ar deireadh d’fhéadfaí a rá go raibh pobal na Gaeilge ag freastal air féin i rith aimsir na Féile. Maidir leis an gceist airgid, rinne lucht eagraithe Thogra ’06 éacht dháiríre ó tharla nach raibh ach tacaíocht airgid de €10,000 ar fail acu. É sin ráite, bhí spiorad na réabhlóide i gceist i mbliana agus mar sin bhí ar ghrúpaí a gcuid maoinithe agus ionaid féin a aimsiú. Léirigh na grúpaí ar fad go raibh siad in ann é seo a dhéanamh, ach tá seans ann go raibh caillteanas i gceist do roinnt ghrúpaí a stopfadh iad ón rud céanna a dhéanamh an chéad bhliain eile.

Is é an triú ceist dháiríre an chonstaic is mó. Ní fhéadfadh Féile Ealaíne na Gaillimhe imeachtaí an Togra a reachtáil, dar leo, de bhrí go mbíonn an smacht roghnuithe ag stiúrthóir na Féile Ealaíne agus tá Togra ’06 ‘saor do chách’. An smacht ud a chuireann as d’ealaíontóirí na cathrach.
Mar sin, céard a tharlóidh an chéad bhliain eile? Ní theastaíonn ó lucht eagraithe Thogra ’06 go mbunófaí ‘Fringe’. Séard a bhí uathu siúd ná dul i bhfeidhm ar an mhórfhéile. Ach, an bhfuil sé dodhéanta ag an Fhéile léithéid Thogra ’06 a reachtáil ag an am céanna le Féile Ealaíne na Gaillimhe?

Tá lucht eagraithe na Féile Ealaíne ag buanú imeacht mór millteach le roinnt blianta anuas atá ag mealladh grúpaí móra idirnáisiúnta. An bhféadfaí an oiread iarracht céanna a chur isteach i bhforbairt na healaíne áitiúla? B’fhéidir go bhféadfadh an Fhéile cuidiú go díreach le lucht eagraithe Thogra ’06 chun an Togra a reachtáil faoi scáth na mórfhéile?

Cibé céard a tharlóidh an chéad bhliain eile, tá sé de chúram anois ar lucht eagraithe na Féile Ealaíne agus lucht eagraithe Thogra ’06 suí síos lena chéile agus an todhchaí a phleanáil lena chéile. Tá sé cruthaithe ag Togra ’06 go bhfuil an chathair ag cur thar maoil le talann agus gur fiú an talann sin a bheith i lár an aonaigh i rith aimsir na Féile.

Beidh seachtain na Féile níos boichte an chéad bhliain eile mura dtagann síol Thogra ’06 faoi bhláth. Is é an cheist anois ná cé a dhéanfas an gharradóireacht?

 

Published on 1 September 2006

Breandán Ó hEaghra is a member of the contemporary Irish language group Rís and Director of Meas Media.

comments powered by Disqus