Ní theastaíonn stáisiún eile ó P. Diddy

The idea of a separate radio station in Irish for young people is back on the horizon, with a seminar on the subject organised as part of the Oireachtas. Successful pop artists, however, don’t need another radio station, argues Breandán Ó hEaghra. What is needed is a multi-cultural context for contemporary songwriting in Irish. Can a new station provide that?

Shíl ‘Mr Man na Gaeilge’ go raibh an aos óg ceansaithe nuair a cuireadh Anocht FM ar an saol dhá bhliain ó shin, ach shílfeá go bhfuil na piocóidí amuigh ag na raibiléirí óga arís agus iad ag lorg stáisiún nua Gaeilge uilig dóibh féin!

Bhuel, dháiríre ní hiad na raibiléirí óga atá i mbun agóidíochta, ach na raibiléirí meánaosta sin ó Chonradh na Gaeilge, thar cheann daoine óga. Tá siad tar éis seimineár a eagrú d’Oireachtas na Gaeilge ina bpléifear féidireachtaí stáisiún raidió náisiúnta Gaeilge a bheadh iomlán dírithe ar an aos óg.

Sa díospóireacht seo ar fad ní mór rud amháin a choinneáil ar intinn: ní theastaíonn stáisiún nua ó P. Diddy. ‘Sé sin le rá, más stáisiún raidió a bheadh ann a chasfadh ceol ó chairteanna Mheiriceá agus Shasana, níorbh fhiú faic é do chultúr ceoil comhaimseartha na tíre seo, gan trácht ar a bheith diúltach d’fhorbairt chultúr ceoil comhaimseartha na Gaeilge.

I 2005 d’athraigh Raidió na Gaeltachta a bpolasaí chun liricí Béarla a cheadú tar éis a naoi a chlog, le Anocht FM. Tá iarrachtaí go leor á ndéanamh ag Anocht FM chun ceol nuachumtha Gaeilge a chasadh agus tá ag éirí chomh maith agus is féidir leo; ach teastaíonn an-chuid cabhrach chun a léithéid de cheol a chothú i measc an phobail. Chun a gceart a thabhairt do Chonradh na Gaeilge tá fuil nua tagtha isteach san eagraíocht le roinnt blianta anuas agus tograí fiúntacha idir lámha acu ar nós na ndlúthdhioscaí ó ghrúpaí Éireannacha atá ag aistriú ag gcuid amhrán go Gaeilge. Cuireann sé seo leis an líon amhrán nua-aimseartha i nGaeilge ach ní thagann sé ó thobar na teanga.

Caithfear comhthéacs nua a chruthú do cheol comhaim seartha na Gaeilge. Tá Gaeilgeoirí chomh mór faoi thionchar shaol an Bhéarla gur beag a bhreathnaíonn muid taobh amuigh de sin chun samplaí a thógáil ó chríocha eile. Tá sé de bhuntáiste ag ealaíontóirí na Gaeilge gur féidir tarraingt ar thobar ársa le ceol nua á chumadh.

Seo an ról ba chóir a bheith ag stáisiún ceoil comhaimseartha na Gaeilge, agus ról atá á chomhlíonadh go pointe ag Anocht FM, cé go bhfuil beagán an iomarca de cheol chairteanna Mheiriceá agus Sasana le píosa air. Ach go príomha táthar ag dul sa treo ceart agus is maith ann iad do chumadóirí ceoil chomhaimseartha Gaeilge. Is minic go gcloistear ceol ón Chongó, nó ó Sao Paulo nó ón mBreatain Bheag nó ón Ísealtír ar Anocht FM. Ceol comhaimseartha, ach iomlán difriúil ón stuif a chloistear ar na stáisiúin Bhéarla sa tír seo – tá rian láidir ag cultúir na dtíortha éagsúla ar an gceol.

Tá saol an Bhéarla beagán in ann a bheith ardnósach ó thaobh an cheoil chomhaimseartha de: airím amannta go bhfuil saghas ciníochais, nó ar a laghad aineolais i gceist, chomh fada agus a bhaineann sé le ceol i dteangacha eile. Is beag meas atá ar cheol comhaimseartha ó India, nó ó Thuaisceart na hAfraice agus is rómhinic a chloistear go searbhasach go bhfuil ag éirí go maith le Johnny Logan sa Tuirc (mar dhea nach bhfuil tuairim dá laghad acu faoi cheol sa Tuirc!).

Seo dearcadh aonteangach agus níor chóir go leanfadh lucht labhartha na Gaeilge an dearcadh céanna. Tá ós cionn céad milliún duine in India, ós cionn céad go leith milliún duine i dTuaisceart na hAfraice, agus seachtó milliún eile sa Tuirc – an é nach bhfuil cultúr ar bith gur fiú éisteacht leis ag na daoine seo uilig?

Trí cheol comhaimseartha na Gaeilge a chur i gcomhthéacs domhanda d’fhéadfaí saothar ó léithéidí Nitin Sawhney ó India, Neset Ertas ón Tuirc agus Saud Massi ó Thuaisceart na hAfraice, chomh maith le léithéidí na Zutons agus Amy Winehouse, a chur taobh le ceol nuachumtha na Gaeilge chun comhthéacs domhanda a thabhairt dó seachas comhthéacs cheoil an Iarthair amháin. Tríd seo a dhéanamh d’fhéadfaí ceoltóirí a spreagadh chun tarraingt as tobar na Gaeilge, díreach mar a tharraingíonn Nitin Sawhney as tobar India.

Ar ndóigh tá neart eile i gceist le stáisiún raidió seachas ceol a chasadh, ach is gnéith fhíorthábhachtach é. Má tá an díospóireacht seo le bheith faoi chearta an aos óg chun Diddy a chloisteáil trí Ghaeilge, bíodh an diabhal aici, tá 2FM in ann an jab céanna a dhéanamh, agus ar a laghad níl an cur i gcéill ann go bhfuil sé ag déanamh maitheas do chultúr na tíre. Ar an láimh eile, má bheartaíonn lucht na díospóireachta a dhul i ngleic le comhthéacs nua do cheol comhaimseartha na Gaeilge a chruthú, d’fhéadfaí rud iontach fiúntach a bhaint amach. Go n-éirí leo.

Published on 1 November 2007

Breandán Ó hEaghra is a member of the contemporary Irish language group Rís and Director of Meas Media.

comments powered by Disqus