I nGéibhinn na nGael

I nGéibhinn na nGael

Traditional Irish music sessions were once drink-heavy affairs, now it's all pints of water and cups of coffee. Breandán Ó hEaghra writes how the session is a barometer for change in Irish society – and why Roy Keane has so much to answer for.

Does Irish society just do extremes?

Nuair a bhí mé sa gColáiste shíl mé nach raibh airgead ag aon duine ach ag iascairí. Thagaidís i dtír tar éis seachtainí ar an bhfarraige agus a gcuid pócaí lán le nótaí. Ba muide deirceoirí an chuntair – lucht líonta an chrosfhocail ag éalú ón léann go dtí an leann. Thosaíodh an ceol ag a cúig agus dá mba rud é go raibh na h-iascairí i láthair bheadh neart le n-ól againn uilig.
 
Bhí an t-ól agus  an ceol ceangailte lena chéile riamh – ó Luke Kelly go Gene Kelly. Ar a bharr sin, faraor, bhíodh an dól féin ceangailte leis an aicsean. Ar na laethannta ba mhó go bhfeictí scuainí ag an Oifig Dífhostaíochta is ea ba mhó a bhíodh craic agus ceol sna tithe tábhairne. San am sin ba bheag ceoltóir a ghlacadh páirt sa seisiún gan pionta mór leanna ós a chomhair. B’iontach an rud a bheith óg agus meisciúil in Éirinn - sin nó go dtáinig an Tíogar ar an saol…
 
Go tobann, i 2002, tháinig athrú iomlán ar sheisiúin na nGael. Ón am seo ar aghaidh facthas ainmhithe aisteacha ar bhoird na gceoltóirí: piontaí uisce le slisíní liomóide agus cupáin chaifé! Cá raibh an portar, an cidar agus an bheoir ar fad? Céard a tharla de na fíor Ghaeil agus a gcuid portaireachta agus pórtaireachta? Bhí gairmiúlacht de smior tagtha chomh fada leis an seisiún ceoil fiú!
 
Cuirim féin an milleán uilig ar Roy Keane. Bhain seisean an spraoi as an uile ní lena chuid dáiríreachta agus gairmiúlachta. Ar deireadh thiar bhí saibhreas sa tír agus anois bhí fear againn a thuill meas go h-idirnáisiúnta – ní mar scríbhneoir ná mar cheoltóir ná mar fhear grinn, ach mar eiseamláir gairmiúlachta. Caiptín Mhan Utd nach raibh sásta traenáil le liathróidí boga! Ag an bpointe sin ba chóir dhúinn buidéal cop-on a cheannach don fhear agus impí air a dhícheall a dhéanamh dá thír ar an sean-stíl – ar nós mar a rinne Paul McGrath agus Kevin Moran agus an dream uilig roimhe (neart piontaí a ól agus píosa chraic a bhaint as rudaí).
 
Ina dhiaidh seo thosaigh chuile dhuine in Éirinn ag déanamh aithrise ar Keano. Ní raibh am ag daoine chun labhairt lena chéile mar gheall ar an méid oibre a bhí le déanamh. Go deimhin, ní raibh am chun labhairt le h-éinne seachas Joe Duffy ar an raidió – agus níor theastaigh uainn ach labhairt leisean chun inseacht dó faoin easpa gairimiúlachta a bhí le fáil ar fud na tíre, i measc na mbanaltraí, na ndochtúirí, na múinteoirí… Go on, go on, go on…
 
Sna sean laethannta ní raibh ach dhá chineál duine a d’ól caifé sna tithe tábhairne: fear an bhéair i mbun oibre agus an fear a bhí le ‘sobaráil suas’ ach anois bhí na ceoltóirí féin thar a bheith gairmiúil. Thosaigh seisiúin ar an bpointe, chríochnaigh siad in am agus dá mba rud é go raibh an seisiún ar siúl um thráthnóna is beag óil a bheadh le déanamh.
 
Má bhíodar go maith in ann ól a dhéanamh sna hochtódaí agus na naochadaí, b’fhearr i bhfad an dream a chuaigh rompu. Chuaigh na mílte go Sasana agus go Meiriceá chun sluasaid a chrochadh do MacAlpine nó a léithéide ins na 50aí, 60aí agus 70aí agus d’oibríodar sin go dian. Chruinníodh siad i ngéibhinn na nGael tar éis lá oibre agus d’ólfaidís go dtitfidís amach an doras. Na ceoltóirí a choinnigh an t-aicsean ag imeacht. Deatach geal agus piontaí leanna a bhíodh mar chúlra ag na seisiúin ar fad. Is cuimhin liom fear ón ngluain sin ag inseacht dhom gurb í an fhidil an cara ba mhó sa saol aige. ‘If it wasn’t for my fiddle,’ a deir sé, ‘I don’t know where I’d be.’ Ar ndóigh, bhí deoch ar bord aige ag an am.
 
Nílim á scríobh seo chun maíomh as an méid a bhíodh muid in ann  a ól i gcompráid leis an dream atá ag teacht amach as na coláistí inniu, nó an dream a tháinig amach as na coláistí in aimsir an Tíogair. A mhalairt dháiríre. Feicim anois go bhfuil scuainí an dóil ag méadú arís agus go bhfuil portar á ól ag na seisiúin lae mar a bhíodh. Nílim, dháirire, ach ag déanamh mo mhacnaimh ar an easpa is mó atá orainn mar Éireannaigh – níl cumas ionainn rud ar bith a dhéanamh go cothrom. Mar a deir an Béarlóir mór: it’s all or nothing.

Glossary

thagaidís i dtír     they would land
ba muide deirceoirí an chuntair     we were the watchers at the counter
Oifig Difhóstaíochta     Unemployment Office
gairmiúl     professional
an milleán uilig     the total blame
ag déanamh aithrise     mimicing
easpa     lack
chruinníodh siad i ngéibhinn na nGael     they would gather in the prison of the Irish
go cothrom     fairly

Published on 3 May 2011

Breandán Ó hEaghra is a member of the contemporary Irish language group Rís and Director of Meas Media.

comments powered by Disqus