Comhthéacs Nua do Cheol na hÉireann

Bob Quinn's Atlantean theory.

Le breis agus fiche bliain anois tá Bob Quinn ag cur chun cinn teoiric maidir le dúchas na nGael. Dar leis, is miotas é an Ceilteachas – tá gaol níos gaire againn le muintir thuaisceart na hAfraice agus na Spáinne – iadsan a d’úsáid an mhuir Atlantach chun taisteal agus trádáil a dhéanamh. Má tá an ceart aige, osclaítear doras eile ar fad dúinn ó thaobh caidrimh agus comhthéacsa do cheol na tíre seo go hidirnáisiúnta. Leis seo ar intinn againn chuaigh muid (Amharclann na Cathrach, Gaillimh) i dteagmháil le Bob chun tabhairt faoi theoiric an ‘Atlantean’ a chur ar stáitse i nGaillimh ar an Déardaoin, 29 Meán Fómhair.

Tar éis dó ár nglaoch a fháil chuaigh Bob i dteagmháil le ceoltóir agus léiritheoir ó Bhaile Átha Cliath, Gareth Murphy, a bhfuil cónaí air i bPáras agus atá ag plé le coincheap an cheoil ‘Atlantean’ ar feadh na mblianta.

Dháiríre, is í an cheist atá á cur againn ná: an bhfuil muid in ann an ceangal díreach a fheiceáil idir ceol agus amhránaíocht Iarthar na hÉireann agus a macasamhla ó chríoch na mBerber, thuaisceart na hAfraice, na Spáinne srl?

Chuaigh Gareth go dtí Féile Gnawa in Essaouira agus go dtí Féile na mBerber in Agadir chun teacht ar na ceoltóirí ab fhearr le tabhairt go Gaillimh. Thug sé liosta fada abhaile agus samplaí dá gcuid cheoil. D’airigh mé gliondar aisteach ag éisteacht leo – ar nós fear a gheobhadh amach go raibh deartháireacha agus deirfiúracha aige i dtír eile tar éis a shaol a chaitheamh uaigneach leis féin!

Dúirt Seán Ó Riada uair amháin gur chóir dúinn breathnú i bhfad soir chun craobhacha an cheoil thraidisiúnta a fháil. Tá béim agus rithim faoi leith ag ceol traidisiúnta na tíre seo nach luíonn rómhaith leis an gcineál ceoil traidisiúnta atá le fáil ar mhórroinn na hEorpa.
Tá an scéal céanna i gceist maidir leis an tsean-nós. Níl áit ar bith eile san Eoraip go bhfuil amhránaíocht mar sin le cloisteáil. Is saghas crónáin aoibhinn a bhíonn i gceist, ina n-ínsítear scéal ar bhealach hiopnóiseach, le fíorbheagán athraithe sa tiúin. I gceantar Chonamara cuirtear an bhéim ar an ornáidíocht.

Cinnte déarfaidh daoine go bhfuil cosúlachtaí idir amhránaíocht shean-nóis na hÉireann agus amhránaíocht aonarach na Briotáine nó na hAlban – ach nach bhfuil an Bhriotáin agus an Albain ar chósta an Atlantaigh chomh maith?

Chuaigh roinnt amhránaithe ar an sean-nós go dti an Libia blianta ó shin agus bhíodar faoi gheasa ag na hamhránaithe traidisiúnta a casadh leo thall. Ba léir gur shíl léithéidí Josie Sheáin Jeaic gur amach as a bhéal féin a ghoid na hamhránaithe Arabacha a gcuid saothair!
Ach cén fáth go mbeadh ceangal ar bith idir an dá stíl cheoil? Cén fáth go mbeadh an cinéal céanna ceoil sna tíortha iasachta seo agus atá in oileán na hÉireann, na mílte míle uathu?

Tá freagra na ceiste fíorshimplí dar le Bob. Thart ar mhíle bliain ó shin bhí sé i bhfad níos éasca taisteal fada a dhéanamh thar muir ná mar a bhí thar tír. Tá fianaise ann gur thaisteal Lochlannaigh ar fud an Atlantaigh ag cóilíniú. Chuala muid ar fad na scéalta faoi Shinbad agus freisin faoi Naomh Breandán – ní ón ngaoth a thagann scéalta faoi eachtraí báid!

Tá fianaise ann freisin gur frítheadh an-chuid seoda agus maoin saolta a bhain le saol an Oirthir ar fud na tíre seo. Fiú gur frítheadh cnámharlach ‘Barbary Ape’ thuas in Eamhain Mhacha!

Má leantar an teoiric go loighciúil tá sé éasca a thuiscint gur thug na máirnéalaigh seo a gcultúr leo go hÉirinn, agus ar ndóigh, gur chuir an-chuid acu fúthu in Éirinn. Cén áit ab fhearr cur fút ná an chéad áit a bhuailtear leat – sa chás seo, cósta Iarthar na hÉireann.

Ar ndóigh is teoiric dhúshlánach é seo. Téann sé glan in aghaidh na leabhar staire agus is léir nach bhfuil an saol acadúil róchompórdach leis. Thug scaibhtéara amháin ‘DaVinci Code Chonamara’ ar leabhar Bob Quinn tráth – ach tá sé i bhfad níos fearr ná an saothar sin!

Sílim gur chóir go mbeadh gach glún ag cur leis an dtraidisiún ionas go mairfidh sé. Tá sin fíor ó thaobh an cheoil, na teanga agus na healaíne fré chéile. Sa chás seo, sílim go bhfuil bealach úrnua againn chun ár dtraidisiún a neartú – é a chur i gcomhthéacs an Oirthir. Mar a bhí ó thús!

Atlantean, the concert, will take place in Galway’s Town Hall Theatre on Thursday, 29th September, at 8.00p.m. Tickets can be obtained by calling 091-569777

 

Published on 1 September 2005

Breandán Ó hEaghra is a member of the contemporary Irish language group Rís and Director of Meas Media.

comments powered by Disqus