Áisitheoir Ealaíon do Ghaeltacht Thír Chonaill (ar chonradh bliana)
Tá Ealaín na Gaeltachta Teo., (fochomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta), ag tairiscint conradh bliana mar Áisitheoir Ealaíon i nGaeltacht Thír Chonaill. Beidh an té a cheapfar lonnaithe in oifig Údarás na Gaeltachta sna Doirí Beaga agus beidh sé de chúram air / uirthi tógáil ar an chlár oibre ealaíon atá i bhfeidhm cheana féin sa réigiún agus straitéis d’Fhorbairt na nEalaíon sa Ghaeltacht a fheidhmiú de réir na dtreoracha atá aontaithe. Tá sonraí poist ar fáil ar iarratas ach teagmháil a dhéanamh le hEalaín na Gaeltachta. Teil: (074) 9560100 R-phost: ealain [at] udaras.ie ()
Fáilteofar roimh iarratas ó dhaoine le cáilíochtaí i riaracháin na n-ealaíon nó cáilíochtaí ábhartha tríú leibhéal eile, mar aon le taithí dhá bhliain ar a laghad i bhforbairt agus i gcur chun cinn na n-ealaíon.
Ní mór d’iarratasóirí na scileanna / tréithe / an taithí seo a leanas a bheith acu:
- líofacht Gaeilge labhartha agus cruinneas Gaeilge scríofa
- saineolas i gcúrsaí riaracháin agus forbairt na n-ealaíon
- saineolas ar chomhthéacs agus polasaithe do na healaíona in Éirinn
- saineolas i láimhseáil agus ag obair sna meáin digiteach
- cumas maith eagrúcháin agus riaracháin
- sárscileanna cumarsáide
- sárscileanna ríomhaireachta
- tuiscint ar chuntasaíocht / leabharchoimeád
- ceadúnas glan tiomána
Íocfar tuarastal de réir cáilíochtaí agus taithí.
Seoltar iarratais, mar aon le CV, chuig:
An Rúnaí, Ealaín na Gaeltachta Teo, Údarás na Gaeltachta, Páirc Gnó Ghaoth Dobhair,
Co. Dhún na nGall,
tráth nach déanaí ná 4.00 i.n. ar an Aoine, 28 Deireadh Fómhair, 2016.
Teil: (074) 9560100 R-phost: ealain [at] udaras.ie ()