Díoladh Muid na Ceoltóirí
Nicolas Sarkozy and Angela Merkel buying up Ireland's musicians.

Díoladh Muid na Ceoltóirí

A couple of phone-calls to Sarkozy and Merkel and Breándán Ó hEaghra has all but solved Ireland's economic crisis — it’s a fool-proof plan to sell off the one thing that really is priceless.

Bhí sneachta ag titim an oíche a ndearna mé mo shlí ón gCeathrú Rua go Ros Muc roinnt míonna ó shin chun páirt a ghlacadh i gceann d’imeachtaí na féile den teideal Ealaíon ar Oileán. Bhí deich n-oiread sneachta ag titim faoin am ar chríochnaigh muid suas agus mé ag windáil na mbóithre cama abhaile. Ba gheall le brionglóid é.

S’iad Darach Ó Scolaí agus Anna Ní Chartúir a eagraíonn an mheitheal seo chuile bhliain. Bhíodh an t-aicsean ar fad ar Inis Oírr, ach d’aistrigh siad rudaí chuig na mórthíre i mbliana. D’fhanadar dílis d’ainm na féile — is dóigh nach mbeadh an rómánsaíocht céanna ag baint le féile den teideal, ‘Ealaíon ar an Mórthír’, é sin nó gur oileán í Éire, pé áit inti ina bhfuil tú!

Casann rotha an tsaoil ar an luas céanna i Ros Muc le h-aon áit eile in Éirinn na laethanta seo, áit a mbíonn daoine ag déanamh imní faoin ECB agus ‘burn the bondholders’ ar ghob an uile chréatúr. Nuair a theastaigh síocháin agus cultúr ón bPiarsach céad bliain ó shin is amach ann a chuaigh sé, ag caitheamh tabac ina bhothán agus ag brionglóidigh faoin réabhlóid a bhí le theacht. Tá muid chomh fada ón marc anois is a bhí ariamh is cosúil.

Bhí mise i lár an aonaigh i ngeall gur iarr Darach orm amhrán nó dhó a chasadh. Ní féidir ealaíontóir dá léithid a dhiúltú, cé go raibh na néaróga ag tarraingt achrainn. Chruinnigh leathchéad i gcúl sheomra an halla áitiúil agus tar éis roinnt bia agus léacht nó dhó, thosaigh an ceol.

Níorbh fhada Mairéad Ní Mhaonaigh agus a comrádaithe ag casadh poirt nuair a tháinig drochsmaointe réabhlóideacha an Phiarsaigh chuig m’intinn. ‘Tá dream i bhfeidhil na hEorpa,’ a dúirt mé (liom féin!), ‘atá ag caitheamh na billiúin euro le bainceanna agus ag iarraidh orainne íoc as… ach os mo chomhair anseo, i gcúlsheomra halla an Phiarsigh i Ros Muc, tá ceol agus cultúr ar luach nach féidir a thomhais…’. BINGO! Bhí réiteach faighte agam ar fhadbh na hÉireann: díol na ceoltóirí! Dá mba rud é go mbeadh Maireád Ní Mhaonaigh agus an fidléir cumasach eile a bhí léi ar an oíche, Dermot McLaughlin, toilteanach, d’fhéadfadh muid an bheirt acu a dhíol le Sarkozy na Fraince agus Merkel na Gearmáine — nach mbíonn muintir na dtíortha sin i gcónaí ag caint go h-éadmhar faoi shaibhreas ár gcúltúr?! Ní hamháin go nglanfainn fiacha na hÉireann, ach bheadh sóinseáil agam dá bharr!

Gan oiread agus drogall beag, phioc mé suas mo ghuthán agus chuir mé glaoch díreach ar Nicolas Sarkozy chun an tairiscint a dhéanamh. Dúirt seisean nár chuala sé trácht riamh ar cheachtar ceoltóir, ach tar éis dom an fón a chrochadh ar feadh leath nóiméad agus na ceoltóirí i lár an ‘Trip to Durrow’, thairg sé 64 billiún. Bheadh muid fós i bhfiacha, ach bhí glaoch le cur ar Angela Merkel.

Bhí sise níos tógtha fós le poirt Pheadair Uí Riada agus chuir sí cuma an Dragúin uirthi féin nuair a dúirt sí ‘I’m in’, tar éis amhrán a chloisteáil ó Lasairfhíona Ní Chonaola. Ag an bpointe seo bhí go maith ós cionn céad billiún ar an mbord agam, fiacha na hÉireann glanta agus saibhreas na tíre ag tuairlingt i dtreo spéartha geala na noughties arís.

Ach ansin, go tubaisteach, go deimhin go tragóideach, óchónach, Éireannach… tharla mar a tharlaíonn i gcónaí — chuir muid corr coise ionainn féin. Sea, tar éis dom seasamh in airde chun mo phlean a nochtú don slua a bhí i láthair, thit an plean ar fad as a chéile. Bhí súil agamsa go ndéarfaidís gurbh iontach go deo an fear mé — fear le téagar an Phiarsaigh agus le gliceas Haughey, ach iontas na n-iontas, chuireadar ar fad i mo choinne. B’fhearr leo bheith beo bocht agus na ceoltóirí seo a choinneáil, a dúirt siad. B’fhearr leo greim a choinneáil ar an gcultúr ná greim a fháil ar an airgead. ‘Seo spiorad na tíre,’ a dúirt leibide amháin; ‘Cén mhaith an saibhreas gan é seo?’ a dúirt pleidhce eile.

‘Cén t-iontas sibh a bheith mar atá sibh,’ a d’fhreagair mise. ‘Mar sin a bhí riamh… b’fhearr libh a bheith ag olagón agus ag seoladh bhur gcuid mac agus bhur n-iníonacha thar sáile anonn ná scaradh leis an tsean chultúr seafóideach seo.’

Nach mór an náire na h-ealíontóirí uilig, tá an tír seo millte acu. Tá sé thar ama againn tosú ag éisteacht leis na baincéirí.

Published on 19 August 2011

Breandán Ó hEaghra is a member of the contemporary Irish language group Rís and Director of Meas Media.

comments powered by Disqus